An Banna

Cúigear ban óg bríomhar atá sa bhanna ceoil Las. Nascann siad seanchultúir na hÉireann agus Alban trína meascán ceoil/damhsa agus amhráin Gàidhlig agus Gaeilge.

Joy Dunlop (Albain)


Is amhránaí Gaidhlig agus damhsóir í Joy Dunlop a bhfuil iliomad duaiseanna buaite aici. Is as Connel, Argyll di ó dhúchas a bhfuil an domhain taistealta aici, an Ríocht Aontaithe, An Eoraip, Ceanada, An Nua-Shéalainn agus na Stáit Aontaithe ina measc. Cainteoir líofa Gàidhlig agus buaiteoir bhonn óir Mòd í Joy. Moladh í don duais ‘Gaelic Singer of the Year’ ag an Scots Trad Music Awards 2010 agus 2011 agus bhuaigh sí an Duais Feta sa bhliain 2010. Bhuaigh sí Amhránaí Traidisiúnta na Bliana agus Seaimpín Damhsa Idirnáisiúnta Pan Ceilteach sa bhliain 2015, an chéad duine a bhuiagh an dá chatagóir riamh.

Edel Ní Churraoin (Éire)


D’fhás Edel Ní Churraoin aníos le traidisiúin an cheoil agus damhsa Chonamara. Casann sí an fheadóg stáin, an cairdín agus an pianó. Is amhránaí agus damhsóir sean-nóis í Edel chomh maith. Tá go leor duaiseanna ceoil agus damhsa buaite aici agus bíonn sí ag ceol ar fud na hÉireann. Chas sí ag féilte agus ceolchoirmeacha san Fhrainc, Lucsamburg agus Meiriceá.

Gráinne Braday (Éire)


Fiddléir, cumadóir agus eagraí ócáidí í Gráinne Brady as Contae an Chabháin, Éire. Tá sí lonnaithe i nGlaschú agus í sáinnithe saolréim an cheoil tíre. Oibríonn sí go minic le ceoltóirí móra na hAlban. Chomh maith le bheith ag casadh le Las, casann sí le Top Floor Taivers (Ahmránaíocht Chomhaimseartha na hAlban), The Routes Quartet (cathairéad téadach a chasann ceol tíre) agus leis an bpianadóir, Tina Jordan Rees.

Suzanne Fivey (Albain)


Is pianadóir, feadógaí stáin agus amhránaí í Suzanne Fivey atá lonnaithe i nGlaschú. Bhain sí céim den chéadghrád amach i gceol na hAlban ón RSAMD sa bhliain 2011 agus chaith sí trí bliana san  National Centre Of Excellence In Traditional Music in ardscoil Plockton. D’eisigh sí a halbam is déanaí, ‘What Will We Play Next’ in 2013 chomh maith le ‘Pitch Invasion’ le Adam Brown.

Catherine Ní Shúilleabháin (Éire)


Rugadh agus tógadh Catherine Ní Shúilleabháin i nGaeltacht na Mí, Ráth Chairn. Ceantar mór ceoil, amhrán agus damhsa é. Is giotáraí í Catherine a d’fhás aníos leis an gcultúr sin ina timpeall. Tá taispeántais déanta ag Catherine ar fud an Ríocht Aontaithe, San Eoraip, agus sna Stáit Aontaithe agus tá go leor comórtas damhsa buaite aici.